Gaelscoil Philib Barún

Obair Dheisiúcháin Déanta ar Sheomra Réamhdhéanta|Repairs carried out on Prefabs

Tar éis fadhb structúrach a aimsiú i seomra Rang 6 ar an Déardaoin seo caite déanadh deisiú ann ar an Aoine d’ár gcionn. Tar éis cigireacht agus iniúchadh déanta ag gairmí oilte tá an bord sásta go bhfuil an fhadhb seo réitithe. Fillfidh Múinteoir Ben lena rang ar an seomra amárach Dé Luain.

Following the discovery on Thursday of a structural fault in the prefab currently accommodating 6th class, repairs were carried out on Friday. Following an inspection by a competent professional the problem has been adequately dealt with. Muinteoir Ben’s 6th class will return to their room tomorrow Monday.

Leanfaidh obair dheisiúcháin ar an díon le cosc a chur ar ingabháil uisce. Tá an Bord Bainistíochta tar éis scríobh go dtí an Roinn Oideachais agus Scileanna ag maí go bhfuil an meath ar chóiríocht na scoile ag cur práinn le cuimsiú na scoile ar liosta tógála na Roinne.

Ongoing work will continue to ensure that water cannot further ingress. The Board of Management have written to the Department of Education & Skills stating that the deterioration in the building makes our inclusion on a building list imperative.